1 Samúéil 14:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”

7. Dúirt fear iompair a airm: “Déan mar a chuireann do chroí in iúl duit. Maidir liomsa, tá mo chroí leat.”

8. Ansin dúirt Iónátán: “Féach, rachaimid anonn go dtí na daoine seo, agus ligfimid dóibh sinn a fheiceáil.

9. Má deir siad linn: ‘Fanaigí mar a bhfuil sibh go dtéimidne chugaibh,’ fanfaimid mar a bhfuilimid gan dul suas chucu.

10. Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.”

11. Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: “Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.”

12. Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: “Tagaigí aníos chugainn,” ar siad, “tá rud éigin le rá againn libh.” Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: “Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.”

13. Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad.

14. Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.

15. Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.

16. Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo.

17. Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: “Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.” Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh.

1 Samúéil 14