33. Chuala Sól an scéal sin: “Féach,” ar siad, “tá an pobal ag déanamh peaca in aghaidh an Tiarna ag ithe idir fhuil agus uile.” D'fhreagair sé: “Rinne sibh feall; déanaigí cloch mhór a bhurláil [anseo i leith] chugam.”
34. Lean sé air ansin: “Imígí faoin slua agus abraigí leo: ‘Tugadh gach duine agaibh a dhamh nó a chaora agus maraídís anseo iad, gan peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna le bheith á n‑ithe fuil agus uile.’ ” Thug gach duine den phobal a dhamh leis an oíche sin agus mharaíodar ansiúd iad.
35. Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna.
36. Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.”
37. Lorg Sól comhairle ar Dhia: “An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh d'Iosrael iad?” Ach freagra níor thug sé dó an lá sin.
38. Ansin dúirt Sól: “Tagaigí anseo, a cheannairí uile an phobail; agus déanaigí a scrúdú agus a iniúchadh conas a tharla an peaca seo inniu.
39. Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.
40. Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.”
41. Dúirt Sól ansin: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.” Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus d'imigh an pobal saor.
42. Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.