1 Samúéil 12:4-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. “Ní dhearna tú éagóir ná leatrom orainn,” ar siad, “ná níor ghlac tú le breab ó aon duine.”

5. Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.

6. Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].

7. Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir.

8. Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.

9. Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.

10. Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”

1 Samúéil 12