1. Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: “Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh.
2. As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.
3. Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”
4. “Ní dhearna tú éagóir ná leatrom orainn,” ar siad, “ná níor ghlac tú le breab ó aon duine.”
5. Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.