1 Samúéil 1:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d'éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna.

10. Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.

11. Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

12. Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,

13. mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce

14. agus dúirt sé léi: “An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.”

15. D'fhreagair Hanná: “Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,” ar sí, “ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m'anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna.

16. Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.”

1 Samúéil 1