1 Samúéil 1:17-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”

18. Agus dúirt sise: “Go bhfaighe do bhanóglach fabhar i do láthair.” Ansin d'imigh an bhean léi; [d'fhill sí ar an halla], d'ith bia, agus ní raibh cuma ghruama uirthi níos mó.

19. D'éirigh siad go moch ar maidin agus rinne adhradh i láthair an Tiarna, agus d'fhill siad abhaile go Rámá. Luigh Ealcáná lena bhean Hanná agus chuimhnigh an Tiarna uirthi.

20. Ghabh sí gin, agus in am agus i dtráth rug sí mac agus thug Samúéil mar ainm air, toisc, ar sí “gur iarr mé ar an Tiarna é.”

21. An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna.

22. Ach ní dheachaigh Hanná, mar dúirt sí lena fear: “Nuair a bhainfear an leanbh den chíoch, tabharfaidh mé liom ansin é agus cuirfear i láthair an Tiarna é, agus fanfaidh sé ansiúd go brách.”

23. Dúirt Ealcáná a fear ansin léi: “Déan mar is fearr a fheictear duit: fan go mbainfidh tú den chíoch é. Go gcuire an Tiarna a bhfuil ráite aige i gcrích.” D'fhan an bhean mar a raibh aici dá bhrí sin agus thug diúl don leanbh nó gur bhain den chíoch é.

24. Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.

25. Ansin mharaíodar an tarbh, agus thugadar an leanbh do Éilí.

26. Dúirt sí “A mháistir, dar do bheo, mise an bhean a sheas anseo láimh leat ag guí chun an Tiarna.

27. Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d'iarr mé air.

1 Samúéil 1