1 Ríthe 8:39-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

40. tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus déan beart; cúitigh le cách de réir a iompair go léir - mar is duit amháin is eol croí gach duine de shíol fir -

41. ionas go mbeidh urraim acu duit an dá lá déag agus an fhaid a mhairfidh siad sa tír a thug tú dar sinsir.

42. “Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d'ainm -

43. mar cloisfear trácht thar d'ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall - má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo,

44. tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh, agus deonaigh gach a n‑iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d'ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d'ainm ar an Teampall seo a thóg mé.

45. “Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d'ainm, agus guí chun an Tiarna,

46. tabhair cluas ó na flaithis dá n‑impí agus dá n‑achainí, agus seas leo.

47. “Má pheacaíonn siad i d'aghaidh - mar níl duine beo nach ndéanann peaca - agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar;

48. má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: ‘Pheacaíomar, rinneamar an t‑olc agus an peaca,’

1 Ríthe 8