1. Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví.
2. Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin)
3. agus thug na sagairt an áirc suas leo,
4. agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann.
5. D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.
6. D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.
7. San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí.
8. Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh.
9. Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.
10. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu.