1 Ríthe 7:40-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

40. Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas.

41. Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna:

42. an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; an dá shraith fíolagráin leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach;

43. an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fíolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fíolagráin ina dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach);

44. na deich seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin;

45. an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir;

46. na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna.

47. Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán.

48. D'fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha.

49. Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta;

50. na coinnleoirí d'ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d'ór;

1 Ríthe 7