21. Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: “Moladh leis an Tiarna inniu,” ar sé, “a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.”
22. Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: “Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar.
23. Tabharfaidh [do] shearbhóntaí síos chun na farraige iad ón Liobáin, agus cuirfidh mé á dtarraingt ar cheann téide ar farraige iad go dtí cibé áit a déarfaidh tú; leagfaidh mé ansiúd iad agus beidh siad agatsa. Maidir leatsa, déanfaidh tú lón a sholáthar do mo theaghlach de réir mar a iarrfaidh mé.”
24. Rinne Híorám a raibh d'adhmad céadair agus cufróige ag teastáil ó Sholamh a sholáthar dó,
25. agus thug Solamh fiche míle tomhas cruithneachta do Híorám mar bhia dá theaghlach, agus fiche míle tomhas d'ola ghlan. Thug Solamh an méid sin do Híorám bliain i ndiaidh na bliana.
26. Thug an Tiarna eagna mar a gheall sé do Sholamh. Bhí cairdeas idir Híorám agus Solamh agus rinneadar conradh lena chéile beirt.
27. Rinne Solamh rí meitheal saothair éigeantaigh a thobhach ar Iosrael go léir; tríocha míle fear líon na meithle.
28. Chuir sé iad seo chun na Liobáine ar a n‑uain, deich míle sa mhí. Chaithidís mí sa Liobáin agus dhá mhí sa bhaile. Bhí Adoiníreám i gceannas na meithle.
29. Bhí seachtó míle de lucht iompair agus ceithre fichid míle de lucht gearrtha cloch ag Solamh sna sléibhte,
30. agus, ina dteanntasan, saoistí na bhfeidhmeannach a bhí i bhfeighil na hoibre, trí mhíle trí chéad díobh i gceannas na bhfear a bhí i mbun na hoibre.
31. Ar ordú an rí bhaineadar clocha móra suaitheantasacha chun máithreacha an Teampaill a leagan le clocha gearrtha.
32. Rinne saoir Sholaimh agus saoir Híorám agus na Gibligh an t‑adhmad agus na clocha do thógáil an Teampaill a ghearradh agus a bhailiú.