5. D'fhill na teachtairí agus dúradar: “Mar seo a deir Bein Hadad: ‘Seo é an t‑ordú a chuir mé chugat: “Tabhair dom do chuid airgid agus óir, do mhná agus do leanaí.”
6. Bí cinnte de go gcuirfidh mé mo ghiollaí chun do theach agus tithe do shearbhóntaí a chuardach an t‑am seo amárach agus go bhfaighidh siad greim ar gach a dtaitneoidh [leo] agus go dtabharfaidh siad leo iad.’ ”
7. Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: “Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.”
8. Agus dúirt na seanóirí agus an pobal ar fad leis: “Ná tabhair aon aird air agus ná déan rud air.”
9. D'fhreagair sé teachtairí Bein Hadad mar leanas dá bhrí sin: “Abraigí le mo thiarna an rí: ‘Gach ar iarr sibh ar do shearbhónta ar dtús, déanfaidh mé; ach é seo eile, ní féidir dom a dhéanamh.’ ” Agus d'imigh na teachtairí ar ais leis an bhfreagra.
10. Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”
11. Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”
12. Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.
13. Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”
14. “Cén cuidiú a bheidh agam?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair an fáidh: “Cuidiú óglaigh uachtaráin na gcúigí, a deir an Tiarna.” “Cé atá le tús a chur leis an gcath?” a d'fhiafraigh Acháb. D'fhreagair sé: “Tusa féin.”
15. Ansin thionóil sé óglaigh uachtaráin na gcúigí - bhí dhá chéad tríocha a dó díobh ann. Ina ndiaidhsean thionóil sé muintir Iosrael go léir, seacht míle díobh.
16. Ansin um mheán lae rinne siad ruathar amach agus Bein Hadad ag cur meisce óil air féin faoi na scáthláin, é féin agus an dá rí déag ar fhichid a bhí ag cabhrú leis.
17. Ghabh óglaigh uachtaráin na gcúigí amach ar dtús. Chuir Bein Hadad [lucht braite] amach agus thugadar scéala dó: “Tá fir tagtha amach ón tSamáir.”
18. Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”
19. Rinneadar ruathar ón gcathair amach dá bhrí sin, óglaigh uachtaráin na gcúigí agus an t‑arm ina ndiaidh,
20. agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.
21. Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.