1 Ríthe 20:2-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Chuir sé teachtairí isteach sa chathair go dtí Acháb rí Iosrael, á rá leis: “Mar seo a deir Bein Hadad:

3. ‘Is liomsa do chuid airgid agus óir; is liomsa togha do mhná agus do leanaí.’ ”

4. D'fhreagair rí Iosrael: “De réir mar a deir tú, a thiarna mo rí, is leatsa mise agus a bhfuil agam.”

5. D'fhill na teachtairí agus dúradar: “Mar seo a deir Bein Hadad: ‘Seo é an t‑ordú a chuir mé chugat: “Tabhair dom do chuid airgid agus óir, do mhná agus do leanaí.”

6. Bí cinnte de go gcuirfidh mé mo ghiollaí chun do theach agus tithe do shearbhóntaí a chuardach an t‑am seo amárach agus go bhfaighidh siad greim ar gach a dtaitneoidh [leo] agus go dtabharfaidh siad leo iad.’ ”

7. Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: “Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.”

8. Agus dúirt na seanóirí agus an pobal ar fad leis: “Ná tabhair aon aird air agus ná déan rud air.”

9. D'fhreagair sé teachtairí Bein Hadad mar leanas dá bhrí sin: “Abraigí le mo thiarna an rí: ‘Gach ar iarr sibh ar do shearbhónta ar dtús, déanfaidh mé; ach é seo eile, ní féidir dom a dhéanamh.’ ” Agus d'imigh na teachtairí ar ais leis an bhfreagra.

10. Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”

11. Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”

12. Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.

1 Ríthe 20