40. D'éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d'imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D'imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat.
41. Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais.
42. Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: “Nár chuir mé d'iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: ‘An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó’? Agus dúirt tú liom: ‘Tá go maith. Géillim duit.’
43. Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”
44. Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.