40. Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
41. Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”
42. Nuair a d'imigh Acháb ar ais le bia agus deoch a chaitheamh, chuaigh Éilias suas go barr Chairmeil, d'umhlaigh sé go talamh agus chuir a aghaidh idir a ghlúine.
43. “Gabh suas anois,” ar sé lena sheirbhíseach, “agus féach amach i dtreo na farraige.” Chuaigh sé suas agus d'fhéach sé. “Níl rud ar bith ann,” ar seisean. “Gabh ar ais seacht n‑uaire,” arsa Éilias.
44. An seachtú huair dúirt an seirbhíseach: “Tá scamall ann anois, chomh beag le láimh duine, ag éirí as an bhfarraige.” Dúirt Éilias: “Imigh suas agus abair le hAcháb: ‘Ullmhaigh an carbad agus téigh síos, sula gcuire an fhearthainn cúl ort.’ ”
45. Agus leis sin d'éirigh an spéir dorcha le scamaill agus le síon agus tháinig batharnach bháistí. Léim Acháb isteach ina charbad agus thriall sé ar Izréil.