22. Ansin dúirt Éilias leo: “Mise agus mise amháin a fágadh mar fháidh de chuid an Tiarna, ach tá ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál ann.
23. Tugtar dhá tharbh chugainn; toghadh siadsan ceann amháin dóibh féin, déanaidís codanna de agus cuiridís ar an gconnadh é ach gan tine ar bith a lasadh faoi. Ullmhóidh mise an tarbh eile agus cuirfidh mé ar an gconnadh é gan tine ar bith a lasadh faoi.
24. Glaoigí ar ainm bhur ndé agus glaofaidh mise ar ainm an Tiarna; an dia a fhreagróidh le tine, is é is Dia dáiríre ann.” D'fhreagair an pobal go léir: “Tá go maith.”
25. Dúirt Éilias ansin le fáithe Bhál: “Toghaigí tarbh agus tosaígí mar is líonmhaire sibhse. Glaoigí ar ainm bhur ndé; ach ná lasaigí tine faoi.”
26. Ghlac siad an tarbh a tugadh dóibh agus d'ullmhaíodar é agus ó mhaidin go meán lae bhí siad ag glaoch ar ainm Bhál. “A Bhál,” a ghlaodar, “tabhair freagra orainn!” Ach ní raibh guth ná freagra le cloisteáil agus iad ag damhsa go bacach thart timpeall ar an altóir a bhí déanta acu.
27. Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: “Glaoigí níos airde,” ar seisean, “mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b'fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.”
28. Ar an ábhar sin ghlaodar níos airde fós agus shádar iad féin mar ba nós leo le claimhte agus le sleánna nó go raibh an fhuil ina slaoda leo.
29. Chuaigh an meán lae thart agus bhí siad ag radaireacht leo nó gur tháinig tráth ofrála na habhlainne, ach guth ná freagra ná aird ar bith níor tugadh orthu.
30. Ansin dúirt Éilias leis an bpobal go léir: “Tagaigí níos cóngaraí dom,” agus dhruid an pobal go léir láimh leis. Dheisigh sé altóir an Tiarna a bhí leagtha ar lár.
31. Ghlac Éilias dhá chloch déag, ag freagairt d'uimhir na dtreibheanna de chlann mhac Iacóib ar tháinig briathar úd an Tiarna chucu: “Iosrael a ghairfear díbh!”
32. agus rinne sé altóir in ainm an Tiarna de na clocha. Timpeall na haltóra thochail sé díog a bhí mór go leor le dhá mhiosúr síl a choinneáil.
33. Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é.
34. Ansin dúirt sé: “Líonaigí ceithre phróca d'uisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.” Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: “Déanaigí an dara huair é,” agus rinne. Dúirt sé: “Déanaigí an tríú huair é,” agus rinne.
35. Bhí an t‑uisce ag rith timpeall na haltóra agus bhí an díog féin lán d'uisce.
36. Ag tráth ofrála na habhlainne sheas Éilias fáidh chun tosaigh: “A Thiarna, a Dhia Abrahám, Íosác agus Iosrael,” ar seisean, “tabhair le fios dóibh inniu gur tusa is Dia in Iosrael agus gur mise do shearbhónta, agus go ndéarna mé na rudaí seo uile ar ordú uaitse.
37. Freagair mé, a Thiarna, freagair mé, ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal seo gur tusa, a Thiarna, is Dia agus go bhfuil tú ag iompó a gcroí ar ais chugat!”
38. Ansin thit tine an Tiarna agus loisc sé an íobairt uileloiscthe agus an connadh agus ligh sí suas an t‑uisce sa díog.
39. Nuair a chonaic an pobal uile é sin, thiteadar ar a n‑aghaidh agus ghlaodar: “Is é an Tiarna is Dia ann; is é an Tiarna is Dia ann.”
40. Dúirt Éilias: “Gabhaigí fáithe Bhál agus ná ligigí d'aon duine díobh éalú.” Ghabhadar iad agus thug Éilias síos go Gleann Chíseon iad agus bhásaigh ansiúd iad.
41. Dúirt Éilias le hAcháb: “Gabh ar ais agus bí ag ithe agus ag ól, mar cluinim tormán na fearthainne.”