22. Thug an Tiarna cluas d'urnaí Éilias agus tháinig an t‑anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo.
23. Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.
24. “Féach,” arsa Éilias, “tá do mhac beo.” D'fhreagair an bhean: “Tá a fhios agam anois gur giolla Dé thú agus gur fíor briathar an Tiarna i do bhéal.”