1 Ríthe 14:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.”

4. Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.

5. Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”

6. Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: “Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit:

7. Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael:D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.

8. Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m'aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.

9. Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d'imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.

10. Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.

1 Ríthe 14