8. Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,
9. mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”
10. Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.
11. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.
12. “Cén bealach a ghabh sé?” d'fhiafraigh a n‑athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.
13. “Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.