1 Ríthe 13:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.

2. Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”

3. Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”

4. Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.

5. Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.

6. Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.” Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.

7. Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: “Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.”

8. Ach d'fhreagair an giolla Dé an rí: “Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,

9. mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: ‘Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.’ ”

10. Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.

11. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí - d'insíodar iadsan leis dá n‑athair.

1 Ríthe 13