6. Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”
7. Dúirt siad leis: “Déan freastal ar an bpobal seo inniu, agus bí mar a bheadh seirbhíseach acu, labhair go lách leo, agus beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”
8. Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh a d'fhás suas leis féin agus a bhí ina sheirbhís.
9. “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?” ar sé leo.
10. Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis: “Tabhair an freagra seo don mhuintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú duinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.
11. Leag m'athair ualach trom oraibh Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
12. An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”
13. Níor thug an rí aon aird ar an gcomhairle a thug na seanóirí dó, ach thug freagra garbh ar an bpobal,
14. agus labhair leo de réir chomhairle na n‑ógfhear agus dúirt: “Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.”
15. Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.
16. Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí:“Cén chuid atá againn i nDáiví?Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise.Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael!Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!”Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.
17. Ach bhí Rachabám ina rí ar chlann mhac Iosrael a bhí ina gcónaí i gcathracha Iúdá.
18. Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.
19. Agus ar an gcuma sin tá Iosrael scartha ó theaghlach Dháiví go dtí an lá inniu féin.
20. Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.