1 Ríthe 11:41-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. An chuid eile de stair Sholaimh, a imeachtaí go léir, agus a eagna - nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Ghníomhartha Sholaimh.

42. Mhair réimeas Sholaimh in Iarúsailéim ar Iosrael go léir daichead bliain.

43. Ansin chuaigh Solamh chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví a athair. Tháinig Rachabám a mhac i gcomharbacht air.

1 Ríthe 11