1 Ríthe 11:25-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; b'fhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre.

26. Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.

27. Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair.

28. Bhí céimíocht ag an ógfhear Iarobám agus nuair a chonaic Solamh a dhícheallaí a bhí sé, chuir sé i bhfeighil shaothar lucht daoirse theach Iósaef go léir é.

29. Lá dá ndeachaigh Iarobám amach as Iarúsailéim, casadh an fáidh Aichíá ó Shileo air ar an mbóthar; bhí fallaing nua ar Aichíá, agus bhí an bheirt acu leo féin i lár na tuaithe.

30. Rug Aichíá ar an bhfallaing nua a bhí air féin agus stróic sé ina dhá stiall déag í.

31. Dúirt sé le Iarobám: “Beir leat deich stiall faoi do choinne féin, óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia Iosrael: ‘Táim ag dul a stróiceadh na ríochta ó lámha Sholaimh agus tabharfaidh mé deich dtreibh duitse.

1 Ríthe 11