1 Ríthe 11:13-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”

14. D'ardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean.

15. Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis.

16. D'fhan Ióáb agus Iosrael go léir ansiúd ar feadh sé mhí nó go raibh gach fireannach in Eadóm curtha chun báis acu.

17. Ach theith Hadad, agus Eadómaigh eile a bhí ag seirbhís dá athair, chun na hÉigipte; ní raibh i Hadad ach buachaill ag an am sin.

18. Chuir siad chun bealaigh ó Mhidián agus ar theacht go Párán thug siad roinnt fear ó Phárán leo, agus ar aghaidh go dtí an Éigipt, go Forann, rí na hÉigipte. Thug seisean teach dó, agus coinmhe, agus fearann dó féin.

19. Thug Forann gean a chroí do Hadad agus thug sé deirfiúr a chéile mar bhean dó, deirfiúr na Céad Mhná, Tachpanaes.

20. Agus rug deirfiur Thachpanaes mac dó, Ganubat, agus rinne Tachpanaes é seo a chur ó dhiúl i dteach Fhorainn; agus oileadh Ganubat i dteach Fhorainn i measc clann mhac Fhorainn.

21. Ach nuair a fuair Hadad scéala agus é san Éigipt go raibh Dáiví imithe chun suain lena shinsir, agus go raibh Ióáb, ceannasaí an airm marbh, dúirt Hadad le Forann: “Lig dom imeacht agus filleadh ar mo thír féin.”

22. Ach dúirt Forann leis: “Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?” “Ní raibh aon ní,” ar sé, “ach lig dom imeacht.”

23. D'ardaigh Dia namhaid eile dó, Razón mac Eiliádá. Theith seisean óna mháistir Hadad Eizir rí Zóbá.

24. Bhailigh roinnt fear ina thimpeall agus rinne ceannaire buíon foghlaithe de (ach rinne Dáiví ár orthu). Chuaigh siad go dtí an Damaisc agus chuir siad faoi ann agus rinne rí ar an Damaisc de.

25. Bhí sé namhdmhar le hIosrael fad a mhair Solamh agus bhíodh sé ag déanamh na hurchóide dála Hadad; b'fhuath leis Iosrael agus bhí sé i gceannas na Síre.

26. Mac do Nabát, Eafráimeach ó Zaraedá, ab ea Iarobám; Zarúá ab ainm dá mháthair, agus baintreach ab ea í. Bhí sé ag déanamh seirbhíse do Sholamh, ach rinne sé ceannairc.

1 Ríthe 11