1 Ríthe 11:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thug Solamh rí grá do chuid mhór ban ón gcoigrích, ní amháin d'iníon Fhorainn ach do mhná de na Móábaigh, na hAmónaigh, na hEadómaigh, na Síodónaigh, na Hitigh,

2. na ciníocha úd faoina ndúirt an Tiarna le clann Iosrael: ‘Na téigí chucu agus ná tagadh siadsan chugaibh, nó is cinnte go n‑iompóidh siad bhur gcroí chun a ndéithe féin.” Ach bhí cion as cuimse ag Solamh orthu.

3. Bhí seacht gcéad bean aige a bhí ar chéim ríoga agus trí chéad leannán.

4. Nuair a chuaigh Solamh anonn in aois, chlaon a mhná céile a chroí i dtreo déithe eile, agus ní raibh a chroí go hiomlán ag an Tiarna, a Dhia, mar bhí croí a athar, Dáiví.

5. D'éirigh sé ceanúil ar Aisteárat, bandia na Síodónach, agus ar Mhiolcom uafás na nAmónach.

6. Rinne Solamh an t‑olc i súile an Tiarna agus níor lean sé an Tiarna lena chroí go hiomlán, mar a rinne Dáiví, a athair.

7. Ansin is ea a thóg Solamh ardionad do Chamóis uafás Mhóáb, agus do Mhoilic uafás na nAmónach, ar an gcnoc lastoir de Iarúsailéim.

8. Rinne sé amhlaidh dá mhná coigríocha go léir a d'ofráladh túis agus íobairtí dá ndéithe.

9. Bhí fearg ar an Tiarna le Solamh de bhrí gur iompaigh sé a chroí ón Tiarna, Dia Iosrael, a thaispeáin é féin dó faoi dhó,

10. agus a chros air ansin déithe eile a leanúint. Ach níor chuir sé ar ordaigh an Tiarna i gcrích.

11. Dúirt an Tiarna dá bhrí sin le Solamh: “Ós mar seo atá do ghníomhartha agus nach gcomhlíonann tú mo chonradh ná mo reachtanna, a cheangail mé ort, bainfidh mé an ríocht díot go cinnte dearfa, agus bronnfaidh mé ar dhuine de do shearbhóntaí í.

12. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, áfach, ní dhéanfaidh mé é sin le linn do shaoil féin, ach bainfidh mé de do mhac í.

13. Mar sin féin ní bhainfidh mé an ríocht go hiomlán de. Mar gheall ar Dháiví, mo shearbhónta, agus ar Iarúsailéim, atá tofa agam, tabharfaidh mé aon treibh amháin do do mhac.”

14. D'ardaigh an Tiarna namhaid in aghaidh Sholaimh, Hadad an tEadómach; de ríshliocht Eadóm eisean.

15. Nuair a chloígh Dáiví Eadóm chuaigh Ióáb, ceannasaí an airm, chun na mairbh a adhlacadh agus chuir sé gach fear agus fireannach in Eadóm chun báis.

1 Ríthe 11