18. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.
19. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí
20. agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile.
21. Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
22. Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
23. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.
24. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach,
25. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana.
26. Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.
27. D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
28. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte.
29. Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.