1 Ríthe 10:15-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre.

16. Rinne Solamh rí dhá chéad sciath mhór d'ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.

17. Agus rinne sé trí chéad sciath bheag d'ór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.

18. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.

19. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí

20. agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile.

21. Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.

22. Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.

23. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.

24. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach,

25. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis - soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana.

1 Ríthe 10