1 Ríthe 10:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a leathnaigh clú Sholaimh, maidir le hainm an Tiarna, amach fad le banríon Sheabá, tháinig sí ag triall air chun é a phromhadh le ceisteanna crua.

2. Thug sí cóisir ollmhór léi go Iarúsailéim, camaill faoi ualach spíosraí agus na múrtha óir agus liaga lómhara. Ar theacht chun Solaimh di, labhair sí leis go neamhbhalbh

3. agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu ródhiamhair don rí le freagra a thabhairt di.

4. Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige,

5. bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d'ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti,

6. agus dúirt sí leis an rí: “Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht!

7. Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.

8. Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht!

9. Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d'Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.”

10. Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.

11. Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d'adhmad almug agus de liaga lómhara.

1 Ríthe 10