1 Macabaech 7:41-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. “Nuair a rinne teachtairí rí [na hAsaíre] diamhasla, threascair d'aingeal cúig mhíle agus ceithre fichid díobh.

42. Déan an t‑arm seo a scriosadh os ár gcomhair inniu; bíodh a fhios ag an gcuid eile gur chaith sé siúd masla le do shanctóir agus tabhair breith air de réir na coirpeachta seo.”

43. Chuir na fórsaí cath ar a chéile, dá bhrí sin, ar an tríú lá déag de mhí Adár. Briseadh ar arm Niocánór agus ba é féin ba thúisce a thit sa chath.

44. Nuair a chonaic a shluaite Niocánór ar lár, chaith siad uathu a gcuid airm agus theith siad.

45. Chuir [na Giúdaigh] aistear lae de thóir orthu, ó Adasa go Gazara, agus fad bhíodar sa tóir orthu, lean siad orthu ag cur a ngáir chatha suas le séideadh na stoc.

46. Tháinig [fir] amach as bailte Iúdáia go léir máguaird, agus sháraigh siad [an namhaid] agus thiomáin siad siar ar an tóir iad i dtreo gur thiteadar go léir le faobhar claímh agus nár fágadh fear inste scéil.

47. Ansin ghabh [na Giúdaigh] an chreach agus an éadáil; theasc siad an ceann de Niocánór, agus an deaslámh a shín sé amach go dásachtach; thóg siad iadsan leo agus chuir siad ar taispeáint iad lámh le Iarúsailéim.

1 Macabaech 7