22. Agus na daoine go léir a bhí ag cur as dá muintir, chruinnigh siad chuige, agus gabh siad seilbh ar thír Iúdá agus rinne siad dochar mór in Iosrael.
23. Chonaic Iúdás an díobháil go léir a rinne Alcamas agus a lucht leanúna i measc chlann Iosrael, thar mar a rinne na págánaigh féin.
24. Ghabh [Iúdás] amach dá bhrí sin ar fud críocha Iúdáia go léir máguaird agus d'imir sé díoltas ar an muintir go léir a thréig é agus coisceadh orthu gabháil [ón gcathair] amach faoin tuath.
25. Nuair a chonaic Alcamas conas mar a bhí slua Iúdáis dulta i neart, thuig sé nach bhféadfadh sé an fód a sheasamh ina gcoinne, d'fhill sé ar ais ar an rí agus chuir sé coireanna ina leith.
26. Ansin chuir an rí uaidh Niocánór, duine dá cheannasaithe ainmniúla, a raibh an ghráin dearg aige ar Iosrael, agus d'ordaigh sé dó an pobal a scriosadh.
27. Tháinig Niocánór go Iarúsailéim le fórsa tréan agus le barr fill chuir sé teachtaireacht síochána go Iúdás agus go dtí a dheartháireacha á rá:
28. “Ná bíodh aon chogaíocht idir mise agus tusa; tiocfaidh mise le beagán slua, le go bhféachfaimis san aghaidh ar a chéile go cairdiúil.”
29. Agus tháinig sé go Iúdás, agus bheannaíodar dá chéile go síochánta, ach go raibh an namhaid ullamh le Iúdás a ghabháil.
30. Tuigeadh do Iúdás gur le feall ar intinn aige a tháinig sé chuige; tháinig eagla air agus dhiúltaigh sé bualadh leis arís.
31. Nuair a fuair Niocánór amach go raibh a rún faighte amach, chuir sé cath ar Iúdás ag Cafarsalama.
32. Thit timpeall cúig céad fear d'arm Niocánór agus theith [an chuid eile] go cathair Dháiví.