1 Macabaech 7:10-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. D'imigh siad leo dá bhrí sin agus tháinig siad le fórsa tréan go tír Iúdá. Agus chuir siad teachtairí go Iúdás agus a dheartháireacha le tairiscintí fealltacha síochána.

11. Ach níor thug siadsan aon aird ar a gcuid cainte mar go rabhadar tagtha le fórsa láidir.

12. Chuaigh gasra scríobhaithe, ámh, faoi dhéin Alcamas agus Bhacaídéas ag lorg coinníollacha córa síochána.

1 Macabaech 7