1. Sa bhliain céad caoga a haon, d'fhág Déimitrias mac Sheiliúcas an Róimh agus le beagán fear shroich sé cathair ar imeall na mara agus chrom ar rialú ansiúd.
2. Nuair a bhí sé ag gabháil isteach i sealúchas ríoga a shinsear, ghabh an t‑arm Aintíochas agus Lisias d'fhonn iad a thabhairt ina láthair.
3. Nuair a chuala sé cad a bhí déanta dúirt sé: “Coinnígí as mo radharc iad!”
4. Mharaigh an t‑arm iad dá bhrí sin agus shuigh Déimitrias i ríchathaoir a ríochta.
5. Ansin tháinig na coirpigh agus na haindiagaigh go léir ó Iosrael chuige; i gceannas orthu bhí Alcamas fear ar mhian leis a bheith ina ardsagart.
6. Rinne siad an gearán seo leis an rí mar gheall ar an bpobal: “Mharaigh Iúdás agus a dheartháireacha do chairde go léir, agus dhíbir siad sinne as ár dtailte.
7. Cuir fear chucu dá bhrí sin a bhfuil muinín agat as; téadh sé agus feiceadh sé an tubaiste go léir a thug [Iúdás] orainne agus ar chríocha an rí; agus déanadh sé díoltas orthusan agus ar a lucht cúnta go léir.”
8. Thogh an rí Bacaídéas, duine de chairde an rí, a bhí i gceannas ar an gcúige thar an Abhainn, fear mór le rá sa ríocht a bhí dílis don rí.
9. Chuir sé eisean agus Alcamas na haindiagachta, a bhí ceaptha ina ardsagart aige, agus d'ordaigh dó díoltas a imirt ar chlann Iosrael.