46. Isteach leis faoin eilifint agus rop a chlaíomh inti agus mharaigh í; ach thit sí sa mhullach air agus fuair sé bás ar an láthair.
47. Nuair a chonaic [na Giúdaigh] neart slua an rí agus fíoch ionsaithe a fhórsaí chúlaigh siad rompu.
48. Chuaigh saighdiúirí arm an rí suas ina n‑aghaidh go Iarúsailéim, agus chuir an rí léigear ar Iúdáia agus ar Shliabh Shíón.
49. Rinne sé síocháin le muintir Bhéit Zúr agus d'fhág siadsan an chathair mar nach raibh lón acu le léigear a sheasamh de bhrí gur bhliain shabóideach í ag an tír.
50. Ghabh an rí Béit Zúr agus chuir garastún ann le greim a choimeád air.
51. Chuir sé léigear ar an sanctóir ar feadh mórán laethanta, thóg ardáin dhiúractha, innill chaite tine agus cloch, agus scairpeanna le saigheada a chaitheamh, agus catafailt.
52. Rinne [na Giúdaigh] freisin inneall in aghaidh an innill agus lean siad leis an gcogaíocht ar feadh a lán laethanta.
53. Ach ní raibh aon stór bia acu, mar gurbh í an seachtú bliain í; agus iad siúd a fuair dídean in Iúdáia ó na págánaigh, bhí deireadh a soláthairtí caite acu.
54. Ní raibh ach beagán fear fágtha sa sanctóir mar go raibh an gorta ag luí go dian orthu agus gur imigh an chuid eile, gach duine chun a bhaile féin.
55. Ansin chuala Lisias go raibh Pilib, an té a cheap Aintíochas rí agus é fós ina bheatha, le hAintíochas a oiliúint don choróin,
56. tagtha ar ais ón bPeirs agus ón Méide leis na fórsaí a d'imigh leis an rí, agus go raibh sé ag iarraidh ceannas a fháil ar an rialtas.
57. Bheartaigh sé imeacht gan mhoill agus dúirt sé leis an rí agus le ceannairí an airm agus leis na saighdiúirí: “Táimid ag dul i laige ó lá go lá; táimid ar bheagán bia; tá an áit atá faoi ionsaí againn daingean agus tá cúraimí na ríochta ag brú orainn.
58. Sínimis deaslámh an chairdis chun na bhfear seo agus déanaimis síocháin leo féin agus lena gcine go léir.
59. Tugaimis cead dóibh a nósanna féin a chleachtadh mar a dhéanaidís cheana, mar is de bharr na ndlíthe leo a chuireamar ar ceal a tháinig fearg orthu agus a rinne siad na nithe seo go léir.”
60. Thaitin an chaint sin leis an rí agus lena cheannairí agus chuir sé tairiscint síochána chun [na nGiúdach] agus ghlac siad leis.