32. agus dúirt sé leis na fir ina bhuíon: “Troidigí inniu ar son bhur mbráithre.”
33. Ansin roinn sé iad ina dtrí díormaí agus d'ionsaigh sé iad i leith a gcúil le stoic á séideadh agus urnaithe á gcur suas acu in ard a gcinn.
34. Nuair a thuig arm Thiomóid gurbh é an Macabaech a bhí ann, theith siad roimhe agus bhris sé go trom orthu; thit timpeall ocht míle fear díobh an lá sin.
35. D'iompaigh sé ansin ar Alama, chuir cath air agus ghabh é; mharaigh sé gach fear ann, chreach é agus chuir trí thine é.
36. Chuaigh sé ar aghaidh ón áit sin agus ghabh Chasfó, Macad, Bosor agus cathracha eile Ghileád.
37. Tar éis na n‑imeachtaí sin bhailigh Tiomóid fórsa eile agus shuigh a longfort os comhair Rafón ar an taobh thall den ghleann.
38. Chuir Iúdás gasra uaidh chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar an longfort agus thángadar ar ais le scéala chuige: “Tá págánaigh go léir na dúiche timpeall orainn cruinnithe chuige; fórsa an-tréan iad anois.
39. Tá amhais Arabacha mar thaca acu; tá a longfort suite acu lastall den ghleann agus tá siad réidh le cath a chur ort.” Chuaigh Iúdás ar aghaidh ina gcoinne.