1. Nuair a chuala na págánaigh mórthimpeall go raibh an altóir atógtha, agus go raibh an sanctóir coisricthe mar a bhí sé roimhe sin, tháinig racht feirge orthu,
2. agus bheartaigh siad sliocht Iacóib ar fad a bhí ag cur fúthu ina measc a scriosadh; chromadar ar mharú agus lot a dhéanamh ar an bpobal.
3. Chuir Iúdás cogadh ar chlann Éasau in Idiúmáia i ndúiche Acrabataenae, mar go mbídís in eadarnaí ar Iosrael; bhris sé orthu go trom tubaisteach agus chreach iad.
4. Chuimhnigh sé freisin ar mhailís shliocht Bhaían a bhí mar shás agus mar ghaiste don phobal lena luíocháin ar na bealaí.
5. Rinne sé iad a thimpeallú ina ndúnta, agus chuir sé léigear orthu, agus mhóidigh iad a chur faoin mbang; chuir sé a dtúir trí thine agus dhóigh iad go talamh mar aon le gach duine a bhí iontu.
6. Ghabh sé anonn ansin in aghaidh na nAmónach mar a bhfuair sé buíon láidir agus líon mór daoine faoi cheannas Thiomóid.
7. Chuir sé a lán cathanna orthu, bhris go tubaisteach orthu agus rinne ár agus eirleach orthu.
8. Gabh sé Iazaer agus a bhruachbhailte; ansin d'fhill sé ar Iúdáia.
9. Chruinnigh na págánaigh le chéile i nGileád in aghaidh na nIosraelach a bhí ag cur fúthu ina gcríocha d'fhonn iad a scriosadh.
10. Ach theith siadsan go dún Dhatama, agus sheol siad litir go Iúdás agus a dheartháireacha leis an teachtaireacht: “Tá na págánaigh inár dtimpeall cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh d'fhonn sinn a scriosadh.
11. Tá siad ag ullmhú le haghaidh teacht agus an dún inar theitheamar a ghabháil de ruathar; tá Tiomóid i gceannas a bhfórsaí.
12. Tar gan mhoill mar sin agus fuascail sinn as a lámha, mar tá a lán againn ar lár.
13. Cuireadh chun báis ár mbráithre go léir a bhí ag cur fúthu i gcríocha na dTúbach; tugadh a mná agus a leanaí i mbraighdeanas, fuadaíodh a maoin, agus díthíodh timpeall míle fear ansiúd.”
14. Fad bhí an litir fós á léamh, siúd chucu teachtairí eile ón nGailíl agus a gcuid éadaigh stróicthe, agus an scéala céanna acu;
15. go raibh muintir Ptolamais, na Tuíre, na Sídóine, agus muintir Ghailíl na nGinte, go léir cruinnithe ina n‑aghaidh “d'fhonn sinn a scriosadh”.
16. Nuair a chuala Iúdás agus an pobal na teachtaireachtaí sin, tionóladh cruinniú mór chun a shocrú céard ba chóir dóibh a dhéanamh dá ndeartháireacha a bhí i gcruachás agus a naimhde á n‑ionsaí.
17. Dúirt Iúdás lena dheartháir Síomón: “Bíodh do rogha de na fir agat agus téigh chun do bhráithre sa Ghailíl a shaoradh; rachaidh mise agus mo dheartháir Iónátán go Gileád.”