1 Macabaech 4:28-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Ach an bhliain dár gcionn thionóil sé trí fichid míle troitheach den scoth, agus cúig mhíle marcach, le hiad a bhrú faoi chois.

29. Tháinig siad isteach in Idiúmáia agus shuigh siad a longfort i mBéit Zúr mar ar tháinig Iúdás ina n‑aghaidh le deich míle fear.

30. Nuair a chonaic sé an t‑arm tréan ghuigh sé agus dúirt: “Moladh leat, a shlánaitheoir Iosrael, tusa a bhasc neart an ghaiscígh ghroí trí láimh do ghiolla, Dáiví; agus a thug longfort na bhFilistíneach i lámha Iónátán mac Shóil agus fir iompartha a airm.

31. Basc an t‑arm seo chomh maith trí lámha do phobail Iosrael agus bíodh náire orthu faoina bhfórsaí agus faoina marcshlua.

32. Cuir líonrith orthu le meatacht, agus scaip a muinín ina neart féin; bris orthu agus bain dá gcosa iad.

33. Leag ar lár iad le claíomh na muintire a thugann grá duit; agus gach duine arb eol dó d'ainm, molfaidh sé thú le hiomainn.”

34. Thug an dá thaobh faoina chéile agus thit cúig mhíle fear d'fhórsaí Lisias i ngráscar lámh.

1 Macabaech 4