14. agus chuir cath orthu. Briseadh ar na págánaigh agus theith siad chun na n‑ísleán.
15. Thit a raibh ar deireadh go léir le faobhar claímh; lean siad sa tóir orthu chomh fada le Gazara agus ísleáin Idiúmáia, Azótas agus Iaimnía; thit timpeall trí mhíle den namhaid.
16. Ansin scoir Iúdás den tóir orthu agus d'fhill sé féin agus a fhórsaí ar ais,
17. agus dúirt sé lena mhuintir: “Ná santaígí an chreach, mar tá cath eile romhainn;
18. tá Goirgias agus a fhórsaí fós ar an sliabh in aice linn; seasaigí an fód in aghaidh bhur naimhde agus cuirigí cath orthu agus ansin tógaigí libh an chreach le flosc.”
19. Is ar éigean a bhí deireadh na cainte sin ráite ag Iúdás nuair a chonacthas buíon naimhde de dhroim an tsléibhe.
20. Chonaic siadsan gur cuireadh an teitheadh ar [a n‑arm féin] agus go raibh an longfort á chur trí thine, mar d'inis an deatach a bhí le feiceáil cad a tharla.
21. Chuir an radharc sin scéin a gcroí orthu; agus nuair a chonaic siad chomh maith arm Iúdáis faoi chóiriú catha ar an machaire,
22. theith siad go léir go críocha na bhFilistíneach.
23. D'fhill Iúdás ar ais ansin chun an longfort a chreachadh. Thug siad leo a lán airgid agus óir, agus éadach de dhath gorm agus de chorcar na mara, agus mórchuid maoine.