45. Bhí Iarúsailéim tréigthe mar a bheadh fásach,gan aon duine dá leanaí le dul isteach ná amach.Pasáladh an sanctóir faoi chois;fuair sliocht iasachta seilbh ar an Dúnfort;agus tá sé anois ina lóistín ag págánaigh.Cuireadh deireadh le lúcháir Iacóib;scoir an phíb is an chruit dá gceol.
46. Ar thionól dóibh chuaigh siad go Miozpá, os comhair Iarúsailéim, mar ba áit urnaí é Miozpá ag Iosrael tráth.
47. Rinne siad troscadh an lá sin, ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.
48. D'oscail siad leabhar an dlí le réiteach a bhfadhb a fháil faoi mar a théadh na págánaigh i muinín íomhánna a n‑íol.
49. Thug siad amach freisin na héidí sagairt, na céadtorthaí agus na deachúna; agus spreag siad na naizírigh a raibh a dtréimhse comhlíonta acu.
50. Ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe a rá: “Céard a dhéanfaimid leis an muintir seo agus cá seolfaimid iad?
51. Pasáladh do shanctóir faoi chois agus truaillíodh é; tá do shagairt faoi aithis ag caoineadh.
52. Tá na págánaigh cruinnithe inár n‑aghaidh le sinn a scriosadh; is eol duit céard atá á bheartú acu dúinn.
53. Conas a fhéadfaimid an fód a sheasamh ina n‑aghaidh mura ndéanann tú fóirithint orainn?”
54. Ansin shéid siad an stoc agus chuir siad gáir mhór suas.