41. Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.
42. Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.
43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”
44. Rinne siad a muintir a thionól le bheith ullamh chun cogaidh agus le guí agus le trócaire agus trua a lorg.
45. Bhí Iarúsailéim tréigthe mar a bheadh fásach,gan aon duine dá leanaí le dul isteach ná amach.Pasáladh an sanctóir faoi chois;fuair sliocht iasachta seilbh ar an Dúnfort;agus tá sé anois ina lóistín ag págánaigh.Cuireadh deireadh le lúcháir Iacóib;scoir an phíb is an chruit dá gceol.
46. Ar thionól dóibh chuaigh siad go Miozpá, os comhair Iarúsailéim, mar ba áit urnaí é Miozpá ag Iosrael tráth.
47. Rinne siad troscadh an lá sin, ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.
48. D'oscail siad leabhar an dlí le réiteach a bhfadhb a fháil faoi mar a théadh na págánaigh i muinín íomhánna a n‑íol.
49. Thug siad amach freisin na héidí sagairt, na céadtorthaí agus na deachúna; agus spreag siad na naizírigh a raibh a dtréimhse comhlíonta acu.
50. Ghlaoigh siad in ard a gcinn chun Neimhe a rá: “Céard a dhéanfaimid leis an muintir seo agus cá seolfaimid iad?