34. Chuir sé leath a shluaite agus na heilifintí faoi chúram Lisias chomh maith agus thug sé treoracha dó i dtaobh a raibh á bheartú aige a dhéanamh, go háirithe maidir leis an muintir a bhí ag cur fúthu in Iúdáia agus in Iarúsailéim.
35. Bhí Lisias le harm a chur ina gcoinne le neart Iosrael agus iarmhar Iarúsailéim a scriosadh agus a mhilleadh agus a gcuimhne a scuabadh ar fad ón áit,
36. sliocht eachtrannach a phlandáil ina gcríocha go léir, agus a dtailte a roinnt ar chrainn.
37. Thug an rí an leath eile dá arm leis agus d'fhág Aintíoch, príomhchathair na ríochta, sa bhliain céad daichead a seacht. Chuaigh sé thar abhainn an Eofrataes agus ghabh trí na cúigí uachtaracha.
38. Thogh Lisias Ptoilimí mac Dhoramanaes agus Niocánór agus Goirgias, fir thábhachtacha i measc chairde an rí,
39. agus sheol daichead míle coisí agus seacht míle marcach faoina gceannas le dul isteach i dtír Iúdá agus é a scrios mar a d'ordaigh an rí.
40. Chuir siad chun bóthair lena bhfórsaí go léir agus shroich siad comharsanacht Amáus sna hísleáin agus shuigh siad a longfort ansiúd.
41. Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.
42. Chonaic Iúdás agus a dheartháireacha go raibh an scéal imithe chun an donais, agus go raibh fórsaí ag cur fúthu ina gcríocha. Fuair siad amach freisin cad a d'ordaigh an rí a dhéanamh leis an bpobal lena léirscrios ar fad.
43. Dúirt siad lena chéile: “Déanaimis ár bpobal creachta a athnuachan agus troidimis ar son ár bpobail agus ár sanctóra.”
44. Rinne siad a muintir a thionól le bheith ullamh chun cogaidh agus le guí agus le trócaire agus trua a lorg.
45. Bhí Iarúsailéim tréigthe mar a bheadh fásach,gan aon duine dá leanaí le dul isteach ná amach.Pasáladh an sanctóir faoi chois;fuair sliocht iasachta seilbh ar an Dúnfort;agus tá sé anois ina lóistín ag págánaigh.Cuireadh deireadh le lúcháir Iacóib;scoir an phíb is an chruit dá gceol.
46. Ar thionól dóibh chuaigh siad go Miozpá, os comhair Iarúsailéim, mar ba áit urnaí é Miozpá ag Iosrael tráth.
47. Rinne siad troscadh an lá sin, ghléas in éadach róin, chuir luaithreach ar a gceann, agus stróic a gcuid éadaigh.