17. Nuair a chonaic siadsan an t‑arm ag teacht ina n‑aghaidh, dúirt siad le Iúdás: “Conas is féidir dúinne agus a laghad dínn atá ann, troid i gcoinne slua atá chomh mór agus chomh tréan sin? Agus táimid lag, agus sinn ar céalacan fós inniu.”
18. D'fhreagair Iúdás: “Is furasta don bheagán an mórán a theanntú, mar i láthair Neimhe is ionann fuascailt trí mhórán nó trí bheagán;
19. mar ní ar líon an tslua atá bua catha ag brath, ach is ó neamh a thagann an neart.
20. Tá siad ag teacht inár gcoinne ag borradh le huabhar agus le coirpeacht d'fhonn sinne agus ár mná agus ár leanaí, a scriosadh, agus a chreachadh.
21. Ach táimidne ag troid ar son ár n‑anama agus ár ndlíthe.
22. Déanfaidh seisean iad a smiotadh os comhair ár súl; ná bíodh eagla oraibh rompu.”
23. Nuair a bhí deireadh aige, thug sé fogha faoi Shaerón agus a shluaite go tobann agus chuir i raon maidhme roimhe iad;
24. chuaigh siad sa tóir air le fána Bhéit Horón síos go dtí an mhá; thit ocht gcéad díobh, agus theith an chuid eile go tír na bhFilistíneach.
25. Ansin leath eagla roimh Iúdás agus a dheartháireacha i measc na ndaoine agus tháinig scéin ar na págánaigh máguaird.
26. Shroich a cháil fiú an rí féin agus bhí cathanna Iúdáis ina lán béil ag na págánaigh.