41. Chinn siad mar leanas dá bhrí sin an lá sin: “Cibé duine a dhéanfaidh ionsaí orainn lá na sabóide, cuirfimis cath air, agus ná faighimis go léir bás dála ar mbráithre ina gcróite folaigh.”
42. D'aontaigh cuallacht Hasadaech leo, gaiscígh chróga le hIosrael, agus gach duine díobh á thabhairt féin dá dheoin don dlí.
43. Ghabh gach duine a theith ón ngéarleanúint leo chomh maith agus thug siad breis tacaíochta dóibh.
44. Chuir siad eagar airm orthu féin, leag siad peacaigh ar lár le teann feirge, agus coirpigh le reacht buile; theith ar tháinig slán chun na bpágánach ag lorg dídine.
45. Ghabh Mataitias agus a chairde timpeall agus scartáil siad na haltóirí,
46. agus aon bhuachaillí a fuair siad gan timpeallghearradh i gcríocha Iosrael, rinne siad iad a thimpeallghearradh dá n‑ainneoin.
47. Chuir siad tóir ar lucht an éirí in airde, agus bhí rith an rása lena gcúram.
48. D'fhuascail siad an dlí ó láimh na bpágánach agus na ríthe, agus níor fhág siad an buntáiste ag an gcoirpeach.
49. Nuair a bhí laethanta Mhataitias ag druidim le ceann cúrsa, dúirt sé lena chlann mhac: “Tá an t‑uabhar agus an aithis i réim; is uain íde agus fraoch feirge í.
50. Anois an t‑am agaibh, a chlann ó, le bheith dúthrachtach i leith an dlí, agus le bhur n‑anam a imirt ar mhaithe le conradh ár sinsear.
51. Cuimhnígí ar na héachtaí a rinne ár sinsir, gach duine díobh ina ghlúin féin,agus tuillfidh sibh barr onóra agus clú nach mbáfar.
52. Nach bhfuarthas Abrahám dílis nuair a rinneadh é a phromhadh,agus nár áiríodh mar fhíréantacht dó é?
53. Nuair a bhí Iósaef i gcruachás, chomhlíon sé an aithne,agus rinneadh tiarna na hÉigipte de.
54. Mar chúiteamh ar son a dhíograise agus a dhúthrachta,fuair Píneachás, ár n‑athair, sagartacht shíoraí.
55. Rinneadh breitheamh in Iosrael de Iósua,mar gur chomhlíon sé an aithne.
56. Fuair Cálaeb talamh mar oidhreachtmar gur thug sé fianaise i láthair an chomhthionóil.
57. Fuair Dáiví coróin na ríochta mar oidhreacht shíoraí,mar go raibh sé trócaireach.
58. Tógadh Éilias suas ar neamhmar go raibh sé ar lasadh le díograis don dlí.
59. Fuasclaíodh Hanainiá, Azairiá, agus Míséil ón tinemar gur chreid siad.
60. Saoradh Dainéil ó chlab na leonmar go raibh sé gan chastacht chroí.