24. Nuair a chonaic Mataitias é sin bhuail díograis é. Tháinig corraí as cuimse air agus racht feirge fíréin. Theilg sé é féin ar an bhfear agus mharaigh é ar an altóir.
25. San am céanna mharaigh sé coimisinéir an rí a bhí a chur d'iallach orthu íobairt a dhéanamh, agus réab sé an altóir as a chéile.
26. Bhí an oiread sin dúthrachta chun an dlí ann go ndearna sé mar a rinne Píneachás in aghaidh Zimrí mac Shálú.
27. Ansin d'imigh Mataitias ar fud na cathrach agus é ag scairteadh in ard a chinn: “Gach duine atá dúthrachtach ar son an dlí agus a sheasann leis an gconradh, tagadh sé amach agus leanadh sé mé.”
28. Theith sé ansin lena chlann mhac chun na gcnoc agus d'fhág siad a raibh acu sa chathair ina ndiaidh.
29. A lán daoine ansin a raibh an fhíréantacht agus an chóir á dtóraíocht acu, chuaigh siad síos chun an fhásaigh agus d'fhanadar ansin,
30. iad féin, agus a gclann mhac, a mná céile, agus a n‑eallach mar go raibh an leatrom ag luí go trom orthu.
31. Tugadh scéala chun oifigigh an rí agus go dtí na fórsaí in Iarúsailéim, cathair Dháiví, go raibh dream a dhiúltaigh d'ordú an rí imithe síos i bhfolach in áiteanna san fhásach.
32. Chuaigh díorma láidir sa tóir orthu agus nuair a thángadar suas leo chuir siad cóiriú catha orthu féin ina gcoinne agus iad ar tí cath a chur orthu lá na sabóide.
33. Ansin dúirt siad leo: “Is leor sin! Tagaigí amach agus déanaigí rud ar an rí, agus mairfidh sibh.”
34. Ach dúirt siadsan: “Ní thiocfaimid amach, ná ní dhéanfaimid rud ar an rí, agus lá na sabóide a thruailliú ar an gcuma sin.”
35. Chuir [an dream eile] cath orthu ar an toirt,
36. ach níor fhreagair siad an cath, níor chaith siad cloch leo ná níor iaigh siad a n‑áiteanna folaithe.