1 Macabaech 16:6-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Chuir sé féin agus a armáil cóiriú catha orthu féin ina n‑aghaidh agus nuair a chonaic sé go raibh eagla ar an slua gabháil thar an sruthán, ghabh sé féin anonn ar dtús; nuair a chonaic a chuid fear é, ghabh siad anonn ina dhiaidh.

7. Ansin rinne sé dhá chuid dá arm, agus chuir an marcshlua i lár na gcoisithe, mar bhí marcshlua an namhad an-líonmhar.

8. Ansin shéid siad na stoic, agus cuireadh an teitheadh ar Cheandabaes agus ar a shluaite, agus goineadh agus treascradh a lán acu; theith an chuid eile isteach sa Dúnfort.

9. Ansin is ea a goineadh Iúdás deartháir Eoin, ach chuir Eoin tóir orthu nó gur shroich [Ceandabaes] Cidreon, áit a thóg sé féin.

10. Theith siad freisin isteach sna túir i ngoirt Azótas; chuir [Eoin] an áit sin trí thine. Thit timpeall dhá mhíle díobh. D'fhill Eoin slán folláin go Iúdáia.

11. Ceapadh Ptoilimí mac Abúbas ina ghobharnóir ar mhachaire Ireachó; bhí a lán airgid agus óir aige,

12. mar ba é cliamhain an ardsagairt é.

13. Tháinig éirí in airde air ina chroí istigh, agus bheartaigh sé ceannas a fháil ar an tír agus chrom ar fheall a dhéanamh ar Shíomón agus ar a chlann mhac, agus iad a scriosadh.

14. Bhí Síomón ag fiosrú na gcathracha ar fud na tíre agus ag déanamh cúraim dá gcás; agus chuaigh sé síos go hIreachó, le Mataitias agus Iúdás a chlann mhac, sa bhliain céad seachtó a seacht, san aonú mí déag, i mí Seabat is é sin.

15. Mheall mac Abúbas go cealgach iad isteach sa dún beag darb ainm Dóc a bhí tógtha aige; rinne sé fleá mhór dóibh ach chuir fir i bhfolach ann.

16. Nuair a bhí Síomón agus a mhic ar meisce, d'éirigh Ptoilimí agus a chuid fear, rug ar a n‑airm, agus thug ruathar isteach i halla na fleá faoi Shíomón; mharaíodar é féin agus a bheirt mhac agus cuid dá ghiollaí.

17. Rinne sé beart mór fill ar an tslí sin agus thug olc ar mhaith.

1 Macabaech 16