1 Macabaech 16:16-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nuair a bhí Síomón agus a mhic ar meisce, d'éirigh Ptoilimí agus a chuid fear, rug ar a n‑airm, agus thug ruathar isteach i halla na fleá faoi Shíomón; mharaíodar é féin agus a bheirt mhac agus cuid dá ghiollaí.

17. Rinne sé beart mór fill ar an tslí sin agus thug olc ar mhaith.

18. Ansin scríobh Ptoilimí tuairisc ar na nithe sin agus chuir é go dtí an rí á iarraidh air fórsaí a chur i gcabhair air agus na cathracha agus an tír a thabhairt ar láimh dó.

19. Chuir sé daoine eile go Gazara le hEoin a dhíothú agus chuir sé litreacha go dtí na hoifigigh á iarraidh orthu teacht chuige le go dtabharfadh sé airgead agus ór agus bronntanais dóibh.

20. Chuir sé a thuilleadh le seilbh a fháil ar Iarúsailéim agus ar Chnoc an Teampaill.

21. Ach bhain duine éigin an tosach de le barr luais agus d'inis sé d'Eoin ag Gazara go raibh a athair agus a dheartháireacha básaithe, agus ar sé: “Tá fir seolta uaidh aige chun tusa a mharú chomh maith!”

22. Bhain an scéala sin stangadh an-mhór as, agus ghabh sé na fir a tháinig chun é a ídiú, agus mharaigh iad mar go raibh fios rún a mharaithe aige.

23. An chuid eile d'imeachtaí Eoin, a chogaí agus na gníomhartha gaile a rinne sé, na ballaí cathrach a thóg sé, agus a bhearta go léir,

24. tá siadsan uile le fáil in Annála a ardsagartachta ón uair a rinneadh ardsagart de i gcomharbacht ar a athair.

1 Macabaech 16