7. agus bhailigh mathshlua cimí.Smachtaigh sé Gazara, Béit Zúr agus an Dúnfort,agus chaith na nithe neamhghlana amach as,agus ní raibh aon duine le cur ina choinne.
8. Shaothraídís a bhfearann i síocháin,agus thug an talamh a fhómhar uaidh,agus crainn an mhachaire a dtorthaí.
9. Shuíodh na seanóirí ar a suaimhneas sna sráideanna,agus bhíodh an conách á phlé acu;chaitheadh an t‑aos óg libhré agus éide chatha.
10. Sholáthraigh sé bia do na cathrachaagus chuir cóir chosanta orthu,i dtreo gur shroich a cháil go himill na cruinne.
11. Dhaingnigh sé síocháin sa tír,agus bhí lúcháir agus áthas mór ar Iosrael.
12. Shuigh gach fear faoina chrann fíniúna agus fígí,agus ní raibh aon duine le heagla a chur orthu.
13. Níor fágadh namhaid sa tír le troid leo,agus bascadh na ríthe sna laethanta úd.
14. Neartaigh sé uirísle a phobail;chomhlíon sé an dlí le díograis,agus dhíbir sé gach coirpeach agus ciontach.
15. Thug sé glóir don sanctóir,agus chuir breis lena ghréithe.
16. Chualathas sa Róimh agus i gcéin i Sparta gur cailleadh Iónátán agus bhíodar go dubhach dobrónach.
17. Nuair a chualadar go raibh Síomón a dheartháir ina ardsagart ina áit, agus go raibh sé ag rialú na tíre agus na gcathracha ann,
18. scríobh siad chuige ar tháblaí cré-umha, leis an gconradh cairdis agus síochána a rinneadar lena bhráithre Iúdás agus Iónátán a athnuachan,
19. agus léadh an [scríbhinn] i láthair an chomhthionóil in Iarúsailéim.
20. Seo cóip den lítir a sheol na Spartaigh:Rialtóirí agus cathair Sparta do Shíomón, ardsagart, agus do sheanóirí agus do shagairt agus don chuid eile den phobal Giúdach, ár mbráithre, beatha agus sláinte.
21. D'inis na toscairí a chuir sibh go dtí ár bpobal i dtaobh bhur nglóire agus bhur n‑onóra, agus chuir a dteacht áthas orainn.
22. Rinneamar a ndúradar a chur ar phár i miontuairiscí ár dtionól poiblí mar leanas: “Tháinig Núiméinias mac Aintíochas agus Antapataer mac Iásón, toscairí na nGiúdach, chugainn lena gcairdeas linn a athnuachan.
23. Bhí ár muintir sásta fáilte onórach a chur roimh na fir sin agus cóip dá dteachtaireacht a chur sa chartlann phoiblí i dtreo go mbeadh cuntas oifigiúil uirthi ag muintir Sparta. Rinne siad cóip de chomh maith do Shíomón an t‑ardsagart.”
24. Ina dhiaidh sin chuir Síomón Núiméinias go dtí an Róimh le sciath óir, a raibh míle míoná de mheáchan inti, d'fhonn an conradh a dhaingniú leo.