1 Macabaech 14:36-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

36. Lena linn bhí rith an rása leo faoina threoir ag caitheamh na bpágánach amach as an tír, fiú lucht chathair Dháiví in Iarúsailéim, a thóg dúnfort dóibh féin as a ndéanaidís ruathair agus comharsanacht an tsanctóra a scriosadh agus a naofacht a thruailliú go mór.

37. Chuir sé saighdiúirí Giúdacha ar stáisiún ann agus dhaingnigh é ar mhaithe le slándáil na tíre agus na cathrach, agus chuir sé le hairde bhallaí Iarúsailéim.

38. Dhaingnigh Déimitrias rí é dá réir sin ina ardsagart.

39. Rinne sé duine dá chairde de agus thug onóir mhór dó.

40. Óir chuala sé gur thug na Rómhánaigh cairde, comhghuaillithe agus bráithre ar na Giúdaigh, agus gur fháiltíodar go honórach roimh thoscairí Shíomóin;

41. agus gur bheartaigh na Giúdaigh agus a sagairt go mbeadh Síomón mar cheannaire buan agus mar ardsagart acu nó go dtiocfadh fáidh iontaofa ar an bhfód.

42. Agus go mbeadh sé mar ghobharnóir orthu, agus go mbeadh sé i bhfeighil an tsanctóra, agus i bhfeighil fir a cheapadh i mbun a ghnóthaí, agus i mbun na tíre, agus i mbun an stóras airm, agus i mbun na ndaingean; go mbeadh sé i gceannas an tsanctóra,

43. agus go ngéillfeadh cách dó, agus go mbeadh a ainm le gach conradh sa tír, agus go gcaithfeadh sé éidí corcra agus ornáidí óir.

44. Ní bheidh cead ag aon duine den phobal ná de na sagairt aon cheann de na beartúcháin seo a chur ar ceal, ná cur i gcoinne aon ní dá ndeir sé, ná cruinniú a thionól sa tír gan a chead, ná éide chorcra a chaitheamh ná búcla óir a chur air féin.

45. Aon duine a dhéanann gníomh in aghaidh na socruithe sin nó a dhiúltaíonn d'aon cheann díobh, beidh sé ciontach os comhair an dlí.”

46. D'aontaigh an pobal go léir ceart a thabhairt do Shíomón déanamh de réir na socruithe sin.

47. Ghlac Síomón leis agus thoiligh sé a bheith ina ardsagart, a bheith ina cheannasaí ar an arm, agus ina eatnarch ar na Giúdaigh agus ar na sagairt, agus a bheith ina uachtarán orthu go léir.

48. D'ordaíodar an deicréid seo a ghreanadh ar tháblaí cré-umha, iadsan a chur in airde in áit fheiceálach i dtimpeallacht an tsanctóra,

49. agus cóipeanna díobh a chur i dtaisce sa chiste, i dtreo go mbeadh fáil ag Síomón agus ag a chlann mhac orthu.

1 Macabaech 14