29. Nuair a bhí cogaíocht go minic sa tír chuaigh Síomón mac Mhataitias, sagart de chlann Ióairib, agus a dheartháireacha sa bhearna bhaoil agus sheas siad an fód in aghaidh naimhde an náisiúin, d'fhonn go mbeadh a sanctóir agus an dlí buan; agus thuill siad clú agus cáil dá náisiún.
30. Rinne Iónátán an náisiún a dhlúthú le chéile agus bhí sé mar ardsagart acu agus ansin cruinníodh chun a mhuintire é.
31. Nuair a bheartaigh a naimhde ionradh a dhéanamh ar an tír agus lámha a leagan ar an sanctóir,
32. ansin d'éirigh Síomón agus throid ar son a náisiúin. Chaith sé a lán dá chuid airgid féin ag tabhairt airm do fhórsaí na tíre agus ag íoc a dtuarastail.
33. Dhaingnigh sé cathracha Iúdáia agus Béit Zúr ar theorainn Iúdáia, mar a raibh stóras airrn an namhad roimhe sin, agus chuir sé garastún Giúdach ansiúd.
34. Dhaingnigh sé Iopa freisin, atá ar an gcósta, agus Gazara, atá ar theorainn Azótas, mar a raibh na naimhde ag cur fúthu roimhe sin. Chuir sé Giúdaigh chun cónaithe in Azótas agus sholáthraigh sé dóibh cibé rud a bhí de dhíth le hiad a chur ar a mbonna.
35. Ba léir don phobal creideamh Shíomóin agus an ghlóir a bheartaigh sé a ghnóthú dá chine; rinne siad ceannaire agus ardsagart de toisc na nithe sin go léir a chuir sé i gcrích, agus an chirt agus na dílse lenar chaith sé leis an gcine, agus de bhrí go ndearna sé a dhícheall ar gach slí a phobal a mhóradh.
36. Lena linn bhí rith an rása leo faoina threoir ag caitheamh na bpágánach amach as an tír, fiú lucht chathair Dháiví in Iarúsailéim, a thóg dúnfort dóibh féin as a ndéanaidís ruathair agus comharsanacht an tsanctóra a scriosadh agus a naofacht a thruailliú go mór.
37. Chuir sé saighdiúirí Giúdacha ar stáisiún ann agus dhaingnigh é ar mhaithe le slándáil na tíre agus na cathrach, agus chuir sé le hairde bhallaí Iarúsailéim.
38. Dhaingnigh Déimitrias rí é dá réir sin ina ardsagart.
39. Rinne sé duine dá chairde de agus thug onóir mhór dó.