1 Macabaech 13:48-53 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

48. Dhíbir sé gach neamhghlaine aisti agus lonnaigh inti dream a chomhlíonfadh an dlí. Dhaingnigh sé í agus thóg sé teach dó féin inti.

49. Bhí cosc ar lucht an Dúnfoirt in Iarúsailéim caidreamh a bheith acu ar an tuath le díol agus ceannach a dhéanamh. Bhí an-ghanntanas bia orthu agus fuair a lán acu bás den ghorta.

50. D'impigh siad ansin ar Shíomón síocháin a dhéanamh leo, rud a rinne, ach gur dhíbir sé iad agus gur ghlan sé an Dúnfort óna thruaillitheachtaí.

51. Ar an tríú lá fichead den dara mí, sa bhliain céad seachtó a haon, ghabh [na Giúdaigh] isteach ann le gártha molta agus géaga pailme [á gcroitheadh], le ceol cláirseach agus cruiteanna, ag gabháil iomann agus cainticí, mar go raibh namhaid mór basctha agus caite amach as Iosrael.

52. Chinn Síomón go ndéanfaí an lá úd a cheiliúradh mar lá lúchaire gach bliain. Dhaingnigh sé cóir chosanta Chnoc an Teampaill taobh leis an Dúnfort agus chuir sé féin agus a lucht leanúna faoi ann.

53. Nuair a chonaic Síomón go raibh a mhac Eoin ina fhear, cheap sé ina cheann feadhna ar na fórsaí go léir é; bhí cónaí air i nGazara.

1 Macabaech 13