15. Chuala Alastar an scéala agus tháinig sé ina choinne i gcath. Ghluais Ptoilimí amach ina choinne, chuaigh i ngleic leis le fórsa tréan agus chuir an teitheadh air.
16. Theith Alastar chun na hAráibe le dídean a fháil ann agus cheiliúir Ptoilimí a bhua.
17. Bhain Zaibdiéil, an tArabach, a cheann d'Alastar agus chuir é go Ptoilimí.
18. Ach fuair Ptoilimí bás trí lá ina dhiaidh sin agus mharaigh na háitritheoirí a shaighdiúirí ina ngarastúin.
19. Rinneadh rí dá réir sin de Dhéimitrias sa bhliain céad seasca a seacht.
20. San am céanna thionóil Iónátán fir Iúdáia le hionsaí a dhéanamh ar an Dúnfort in Iarúsailéim agus d'fheistigh sé a lán inneall cogaidh le húsáid ina choinne.
21. Ach coirpigh áirithe a raibh fuath acu dár gcine, chuaigh siad go dtí an rí agus d'inis siad dó go raibh léigear á chur ag Iónátán ar an Dúnfort.
22. Nuair a chuala sé é sin, tháinig fearg air; a luaithe a fuair sé gaoth an fhocail chuir sé chun bealaigh agus tháinig go Ptolamais. Scríobh sé go Iónátán á rá leis scor den léigear, agus teacht agus bualadh leis i gcomhdháil i Ptolamais chomh tapa agus ab fhéidir dó.