81. Ach sheas na fir an fód mar a d'ordaigh Iónátán dóibh, agus traochadh a n‑eachra siúd.
82. Ansin thug Síomón a fhórsa chun tosaigh agus chuir cath ar an bhfalang - mar bhí an marcshlua traochta - agus bhris sé orthu agus theitheadar.
83. Scaipeadh an marcshlua ar fud an mhachaire agus theith siad go hAzótas agus isteach leo i dteampall Dhágón, a n‑íol, ag lorg dídine.
84. Ach chuir Iónátán Azótas agus na cathracha máguaird trí thine; chreach sé iad agus chuir sé teampall Dhágón, agus an mhuintir a theith ina sluaite isteach ann, faoi bharr lasrach.
85. Ba é an líon naimhde a thit le faobhar claímh nó le loscadh sa tine, timpeall ocht míle fear.
86. D'imigh Iónátán leis ón áit sin, agus shuigh a champa os comhair Ascalón; d'fháiltigh muintir na cathrach sin roimhe go hollásach.
87. D'fhill Iónátán ansin ar Iarúsailéim le héadáil mhór.